Mo Theachín Beag Deas

Dán á léamh ag Ruby agus Davin…

Mo Theachín Beag Deas

Tá teachín beag deas
Ar an mbóthar úd theas.
Agus crainn ina thimpeall
Is fothain is teas.

Is níl áit sa domhain
Arbh fhearr lion bheith ann,
Ná sa teachín beag cluthar
Ansiúd ‘measc na gcrann.

Ní mór é le rá
Mar níl sé ró-bhreá,
Ná fairsing istigh ann
Ná leathan ná ard.

Ach leis sin go léir,
Níl pálás faoin spéir
Ab fhearr liom ná tusa,
Mo theachín beag féin.

Micheál Mac Donnchadha